Plean Gníomhaíochta na Gaeilge Comhairle Cathrach Chorcaí 2026–2029 Plean Gníomhaíochta Gaeilge Chomhairle Cathrach Chorcaí
Réamhrá an Ardmhéara
Mar Ardmhéara, tá an-áthas orm réamhrá a chur le Plean Gaeilge Chomhairle Cathrach Chorcaí. I mo cháil mar chéad saoránach, is ábhar bróid dom é gur nós liom ag gach ócáid phoiblí labhairt as Gaeilge leis an slua (a bhíonn daoine den uile chineál ann go minic) ar dtús. Is éard atá i gCorcaigh i ndeireadh na dála ná cathair ina bhfuil pobail fite fuaite lena chéile agus ní féidir plé le húsáid agus le feiceálacht na Gaeilge sa chathair gan an ghné sin a chur san áireamh. Tá níos mó i gceist le pobal na Gaeilge ná díreach scata daoine a bhfuil an Ghaeilge acu. Sa phobal sin tá cainteoirí líofa, daoine a bhfuil dóthain Gaeilge acu chun comhrá a dhéanamh trí Ghaeilge, agus daoine a bhfuil spéis acu inti ach nach bhfuil an muinín acu pé Gaeilge atá acu (nó ba mhaith leo a bheith acu) a úsáid go hoscailte agus go minic. Nuair atáthar ag iarraidh an Ghaeilge a chothú agus í a chur chun cinn i saol laethúil na cathrach, is deacair an nath “Ní neart go cur le chéile” a shárú.
Tá an plean seo uaillmhianach, dúthrachtach agus intomhaiste. Beidh sé mar bhonn faoi ghealltanas na gcomhaltaí tofa agus fheidhmeannas na Comhairle tacú le gníomhartha áirithe agus iad a chur i gcrích. Faoin bplean seo cuirfear imeachtaí agus gníomhaíochtaí ar siúl chun feiceálacht agus úsáid na Gaeilge a chur chun cinn agus cothóidh sé sin rannpháirtíocht sa phobal. Spreagann sé líonrú agus comhoibriú idir comhlachtaí reachtúla, gnólachtaí agus an earnáil phobail. Go bunúsach, beidh an plean seo ina chabhair chun muintir Chorcaí ar fad a spreagadh chun plé leis an nGaeilge ar bhealaí nua taitneamhacha.
Gúim rath Dé ar an obair agus táim ag súil go mór le cur leis an tionscnamh.
Damian Boylan Ardmhéara Chorcaí
5
Powered by FlippingBook