Caibidil 12 I Cuspóirí Criosaithe Úsáide Talún
Beidh gá freisin le nádúr agus dearadh na mbeart struchtúrach agus neamhstruchtúrach bainistíochta riosca tuilte a theastaíonn d’fhorbairt i gceantair dá leithéid a léiriú, lena chinntiú nach méadófar guais agus riosca tuilte. Cloífidh na bearta atá molta leis an gcleachtas is fearr maidir le sláinte agus sábháilteacht a bhainistiú d’úsáideoirí agus do chónaitheoirí na forbartha . 12.23 Féach Caibidil 11 Déanamh Áite agus Bainistíocht Forbartha le haghaidh tuilleadh treorach ar mheasúnú riosca tuilte.
Úsáidí Cónaithe.
Comharsanachtaí Cónaithe Inbhuanaithe
ZO 1
Cuspóir Criosaithe 1: Úsáidí cónaithe agus taitneamhachtaí, seirbhísí áitiúla agus úsáidí pobail, institiúideacha, oideachais agus cathartha a chosaint agus a sholáthar .
ZO 1.1 Tá soláthar agus cosaint úsáidí cónaithe agus taitneamhachta cónaithe mar chuspóir lárnach den chriosú seo. Clúdaíonn an crios seo limistéir mhóra de limistéar faoi fhoirgnimh Chathair Chorcaí, lena n- áirítear comharsanachtaí lár na cathrach agus fo- uirbeacha lasmuigh. Cé gur áiteanna cónaithe iad go príomha, níl na ceantair seo aonchineálach ó thaobh úsáidí talún de agus áirítear leo meascán úsáidí. Tá an fhís d’fhor bairt chónaithe inbhuanaithe i gCathair Chorcaí ar cheann de na comharsanachtaí cónaithe inbhuanaithe ina bhfuil raon de chóiríocht chónaithe, spás oscailte, seirbhísí áitiúla agus áiseanna pobail ar fáil laistigh d’áitritheoirí go héasca. ZO 1.2 Ba chóir go mbeadh meas ag forbairt sa chrios seo ar charachtar agus ar scála na comharsanachta ina bhfuil sé suite. Cuirfear in aghaidh forbairt nach dtacaíonn le príomhchuspóir an limistéir seo. ZO 1.3 Áirítear le príomhúsáidí sa chrios seo úsáidí cónaithe, naíolanna, scoileanna, gníomhaíocht eacnamaíoch sa bhaile, spás oscailte agus áiteanna adhartha poiblí. ZO 1.4 Tá úsáidí a chuireann le comharsanachtaí cónaithe inbhuanaithe inghlactha freisin i bprionsabal sa chrios seo ar an gcoinníoll nach mbaineann siad den phríomhchuspóir maidir le taitneamhacht chónaithe a chosaint agus nach dtagann siad salach ar chuspóirí eile an Phlean Forbartha seo. Áirítear le húsáidí den sórt sin, ach níl siad teoranta dóibh: seirbhísí áitiúla ar scála beag lena n-áirítear siopaí áise áitiúla; áiseanna pobail; áiseanna cultúrtha; óstáin agus brúnna; aonaid bheo-oibre;
Úsáidí Talún agus Tuilte Éascú a dhéanamh ar bhainistíocht chuí agus úsáid inbhuanaithe na gCriosanna Tuilte A & B a shainaithnítear sa Mheasúnú Straitéiseach ar Riosca Tuilte.
Forbairt Pobail agus Comharsanachta Inbhuanaithe
12.24 Ní mór do thograí forbartha i ngach crios machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a gcuireann siad le forbairt pobail agus comharsanachtaí inbhuanaithe, le tograí forbartha níos mó ag soláthar úsáidí pobail nó áiseanna atá ar comhréir le scála na forbartha agus na comharsanachta. Soláthraíonn Caibidil 11 Déanamh Áite agus Bainistíocht Forbartha tuilleadh sonraí agus treoir forbartha.
542
Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1
Powered by FlippingBook