Comhairle Cathrach Chorca í Tuarasc á il Bhliant ú il 2022
Seo é Eisint ár gCorcaíochais.
[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas
Réamhrá an Ard-Mhéara & an Phríomhfheidhmeannaigh ............................................ 1
Straitéis ........................................................................53
Ailtirí na cathrach ....................................................54
Misean, Luachanna agus Fís 3
Forbairt Bonneagair .................................................56
Misean ....................................................................... 3
Forbairt Straitéiseach Gheilleagrach .......................63
Fís .............................................................................. 3
Seirbhísí Tacaíochta .....................................................68
Luachanna.................................................................. 3
Stiúrthóir Gnóthaí Corparáideacha & Caidrimh Idirnáisiúnta 69..........................................
Plean & Spriocanna Corparáideacha ............................ 4
6 Sprioc Ardleibhéil ................................................... 4
Seirbhísí ICT .............................................................83
Na Spriocanna Domhanda um Fhorbairt Inbhuanaithe ............................................................. 5
Airgeadas .................................................................87
Daoine agus Forbairtí Eagraíochta ..........................89
Oibríochtaí ..................................................................... 7
Aguisín ..........................................................................91
Bóithre ...................................................................... 8
Ár mBaill Tofa 2022 .................................................92
An Timpeallacht ....................................................... 10
Coistí um Beartas Straitéiseach (SPC) ......................93
Seirbhísí Uisce ......................................................... 15
Ballraíocht na gCoistí ................................................95
Páirceanna agus Áineas ........................................... 17
Coistí um Beartas Straitéiseach (SPC) ......................95
Tithíocht .................................................................. 18
Coistí Ceantair Áitiúil (LAC) ......................................96
Pobal, Cultúr & Cothú Áite ...................................... 22
An Coiste um Ghníomhú ar son na hAeráide ..........96
Seirbhís Dóiteáin ..................................................... 35
Coistí Eile ................................................................96
Spórt & Inbhuanaitheacht ...................................... 37
Costais .....................................................................99
Leabharlanna .......................................................... 42
Faisnéisiú faoi Chosaint ........................................100
Bainistíocht Forbartha ............................................ 46
Athbhreithniú ar Phlean Bliantúil Seachadta Seirbhísí ........................................100
Cosaint Shibhialta .................................................... 50
| 2
[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas
Réamhrá an Ard-Mhéara & an Phríomhfheidhmeannaigh Is mó i bhfad Tuarascáil Bhliantúil na Comhairle Cathrach 2022 ná bailiúchán fíricí agus figiúirí nó liostaí éachtaí. Is cuid de thaifead stairiúil Chathair Chorcaí í. Tugtar mionchuntas ar an obair a dhéantar i gcomhpháirtíocht le páirtithe leasmhara ar fud na cathrach. Lean an chathair, agus a Fóram um Fhreagairt Phobail, ag cur leis na bua sin in 2022. Léirigh an choimhlint san Úcráin agus an gá atá le tearmann a sholáthar dóibh siúd a ruaigeadh as a dtír cumas mhuintir na cathrach agus na tíre seasamh leis na daoine atá faoi chois agus atá díshealbhaithe agus 'cuan sábháilte' a thairiscint dóibh siúd atá i ngátar. Mar gheall ar stádas Chorcaí mar chathair mhórscála idirnáisiúnta atá ag teacht chun cinn cuireann sí dlús faoin bhfás geilleagrach agus baineann idir dúshláin agus deiseanna leis sin. Stiúir Corcaigh chomhrá náisiúnta ar an tslí is cathracha a ‘Athshamhlú’ le linn na paindéime agus cuirfidh maoiniú €600 milliún chun an tionscadal Bus Connects a chur i ngníomh bonn bhonn faoinár n-iarrachtaí aistriú i dtreo cathair níos inbhuanaithe. Mar chuid den iarracht níos leithne seo chun an gréasán iompair inbhuanaithe a leathnú in 2022, cuireadh tús le hobair ar Scéim Feabhsúcháin Iompair Phoiblí Shráid Mhic Curtáin. Is é aidhm na scéime feabhas a chur ar iontaofacht agus fad ama turais na seirbhísí bus i lár na cathrach agus bonneagar feabhsaithe siúlóide agus rothaíochta a chur ar fáil mar chuid d’aistriú straitéiseach ar fud na cathrach i dtreo timpeallacht níos inbhuanaithe. Tá Comhairle Cathrach Chorcaí bródúil as leanúint den obair dhlúth le príomhpháirtithe leasmhara ionas go mbedih Cathair Chorcaí ina háit ina gccuirtear ar chumas gnólachtaí fás agus dul chun ratha agus léirítear é seo go soiléir i bPlean nua Forbartha Chathair Chorcaí don tréimhse 2022-2028 dar teideal ‘Ár gCathair, ár gCinniúint’. Cuireann an plean creat ar fáil chun cabhrú le fás na cathrach a mhúnlú thar na sé bliana atá romhainn agus tacú le méadú measta 50,000 duine agus 30,000 post a chruthú. Tugann ‘Ár gCathair, Ár dTodhchaí’ cuntas ar fhís don chathair a bhfuil an inbhuanaitheacht, cáilíocht na beatha, cuimsiú sóisialta, agus teacht aniar na haeráide ina chroílár. Tá an plean forbartha dírithe ar thacú le tithíocht, le poist a chruthú, leis an bhfearainn phoiblí a athnuachan, le hiompar, agus le tuilleadh spásanna taitneamhachta agus seirbhísí pobail a fhorbairt i gceantair thógtha reatha. Tá an plean laistigh de shraith Pleananna Straitéiseacha dá leithéidí an Creat Náisiúnta Pleanála, Tionscadal Éireann 2040, mar aon leis an gcaiteachas suntasach caipitil a leagtar amach sa Phlean Forbartha Náisiúnta. In 2022, bhí Cathair Chorcaí sa 2ú háit tríd is tríd agus sa chéad áit i dtaobh Acmhainneacht Gheilleagrach i gCathracha agus Réigiúin Chliste Eorpacha na Todhchaí 2022/2023 (Cathracha Beaga Eorpacha). Tá cuideachtaí móra ilnáisiúnta lonnaithe i gCorcaigh i gcónaí agus léiríonn na rangú seo an luach a chuireann cuideachtaí ilnáisiúnta ar Chorcaigh agus ar a muintir. D’fhógair an Coimisiún Eorpach freisin go mbeidh Corcaigh ar cheann de na chéad chathracha san Eoraip a bheidh neodrach ó thaobh aeráide de. Roghnaíodh Corcaigh, in éineacht le Baile Átha Cliath, mar cheann de 100 cathair a bheidh ar thús cadhnaíochta maidir le gníomhú ar son na haeráide agus le cathracha cliste ar fud na hEorpa. Ach a mbeifear ag comhoibriú le comhpháirtithe san earnáil phoiblí agus phríobháideach agus le háitritheoirí áitiúla, stiúirfidh Comhairle Cathrach Chorcaí an t-aistriú chuig cathair a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de agus ina cathair chliste faoi 2030 mar chuid de Mhisean Cathracha an AE. Cuireann an stádas nua seo i gcroílár an chláir oibre um inbhuanaitheacht uirbeach san Eoraip sinn. Ciallóidh sé chomh maith go gcuirfear tús le hinfheistíocht phleanáilte sa chathair ionas gur féidir linn ár bhfís a bhrostú chun na spriocanna fáis uaillmhianacha a leagadh amach dúinn sa Chreat Náisiúnta Pleanála, Éire 2040 a bhaint amach, agus sinn ar thús cadhnaíochta maidir leis an inbhuanaitheacht agus le gníomhú ar son na haeráide. Bhí Comhairle Cathrach Chorcaí ar an gcéad údarás áitiúil in Éirinn cheana féin a chuir straitéis um Cháilíocht Aeir le chéile agus leanadh leis an obair sin in 2022 ach Chrios Aeir Úir a fhógairt i gcroílár na cathrach, an chéad ainmniúchán dá leithéid i gcathair in Éirinn. I mí na Bealtaine 2022, d’oscail an Taoiseach Micheál Martin Céim 1 de Pháirc na Muiríne. Ach a gcuirfear críoch le Páirc na Muiríne, atá suite i gcroílár Cheantar Duganna Chorcaí, beidh sí sé huaire níos mó ná Páirc Mhic Gearailt. Tá tionscadal Cheantar Duganna Chorcaí
| 1
[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas
ar an tionscadal athghiniúna is mó sa tír agus beidh an pháirc 70 acra ina héicea-pháirc nua réigiúnach do mhuintir Chorcaí agus do dhaoine níos faide i gcéin. Thug an Taoiseach cuairt ar a chathair dhúchais i Meitheamh 2022 nuair a thug sé aitheasc ag Cruinniú Speisialta de chuid Chomhairle Cathrach Chorcaí. “Is mór an pléisiúr dom teacht ar ais chuig Seomra na Comhairle i Halla na Cathrach chun aitheasc a thabhairt don chruinniú seo de chuid Chomhairle Cathrach Chorcaí, go háirithe tráth seo ina bhfuil athruithe spreagthacha nach bhfacthas a leithéid riamh i ndán do Chathair Chorcaí. Tá dlús ollmhór taobh thiar de Chorcaigh agus tá an obair a dhéanann Comhairle Cathrach Chorcaí ríthábhachtach chun na huaillmhianta atá ag an rialtas do Chorcaigh a bhaint amach agus tá sé tábhachtach aitheantas a thabhairt don ról lárnach atá ag an rialtas áitiúil i saol an náisiún seo,” a dúirt sé. D’fhoilsigh Comhairle Cathrach Chorcaí a Plean Gnímh um Sheachadadh Tithíochta chomh maith a leagann amach sonraí sholáthar na Comhairle i dtaca le tithíocht shóisialta agus inacmhainne don tréimhse 2022- 2026, rud atá ag teacht leis na spriocanna a leag an Rialtas amach faoina straitéis tithíochta “Tithíocht do Chách”. Léiríonn sé seo go bhfuil soláthar tithíochta chun tosaigh i gcónaí i gcuspóirí Chomhairle Cathrach Chorcaí agus leanfaidh an Chomhairle Cathrach de cheannas a léiriú maidir le breis tithe a sholáthar. Déanann an plean foráil d’oiread agus 5,671 teach sóisialta agus inacmhainne a chur ar fáil ar fud na cathrach idir 2022 agus 2026, de réir na spriocanna a leag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta amach, agus déanfar 3,934 teach sóisialta agus 1,737 teach inacmhainne a chur ar fáil laistigh den tréimhse sin. Mar gheall ar a chuntas teiste i ndáil le tithíocht shóisialta a sholáthar, go háirithe le cúig bliana anuas, tá an Chomhairle Cathrach muiníneach, i gcomhpháirtíocht leis na AHBanna agus an LDA araon, gur féidir an soláthar tithíochta atá beartaithe a sheachadadh le linn shaolré an phlean. Bhí an chomhdháil ‘Pathways to Participation’ -Attracting and Sustaining Women as Leaders in Communities, Politics and Business’ ar siúl sa Cheoláras ag deireadh na bliana. Eagraíodh an chomhdháil thar ceann Cácas na mBan de chuid Chomhairle Cathrach Chorcaí agus i gcomhar le Women for Election agus thug an chomhdháil aghaidh ar dhúshláin agus ar dheiseanna a bhíonn le sárú ag mná ar fud pobal, na polaitíochta agus an ghnó agus conas cumhacht a athchothromú sna réimsí sin ionas go mbeidh guth níos láidre agus tionchar níos mó ag mná, de gach cúlra. Chualamar príomhóráid ó Mary Crilly, Príomhfheidhmeannach Cork Sexual Violence Centre, ar ar bronnadh Saoirse Chathair Chorcaí 2022 ní ba luaithe i mbliana “as an tsíor-obair a dhéanann sí chun aird a tharraingt ar fhoréigean gnéis, chun plé a spreagadh i measc daoine óga, agus as a cuid oibre le gníomhaireachtaí rialtais, reachtúla agus deonacha chun beartas sóisialta a athrú agus chothú”. Reáchtáladh Searmanas Cuimhneacháin agus Machnaimh i Halla na Cathrach i gCorcaigh ní ba luaithe sa bhliain i mí an Mhárta i gcuimhne orthu-san a cailleadh le linn na paindéime, agus chun ómós a léiriú dóibh siúd a chuidigh leis an gcomhrac in aghaidh an víris. Thug an searmanas deis machnamh a dhéanamh orthu siúd a bhí faoi mhéala an tráth sin agus léirigh sé an méid a rinne gach duine a rinne cion oibre go misniúil agus go fiail sa dá bhliain roimhe sin: na dochtúirí agus na haltraí; na Gardaí; na cúramóirí agus na seirbhísigh phoiblí a chinntigh gur leanadh de na seirbhísí a chur ar fáil sholáthar sa chathair dóibh siúd a bhí ina ngátar. Thug sé aitheantas chomh maith do mheon céanna an mhisnigh agus an neamhleithleachais i measc phobal agus shaoránaigh uile Chorcaí. Má thaispeáin 2022 rud ar bith dúinn, thaispeáin sí dúinn go bhfuil teacht aniar sa chathair seo againne, cathair a dhéanann dul chun cinn nuair a oibrímid le chéile.
Ann Doherty An Príomhfheidhmeannach
| 2 An tArdmhéara An Clr Deirdre Nic Giollarnath
[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas
Misean, Luachanna agus F í s Misean Cuirimid seirbhísí poiblí den scoth ar fáil do mhuintir Chorcaí ach obair a dhéanamh i gcomhar lenár gcomhpháirtithe straitéiseacha.
Is cathair uaillmhianach sinn, atá ag obair lenár gcomharsanachtaí, lenár bpobail agus lenár ngnólachtaí chun tacú le forbairt gheilleagrach agus infheistíocht a éascú.
Is mór againn ár gcultúr agus ár n-oidhreacht agus cinntímid gur áit í Corcaigh ar mian le daoine maireachtáil ann, staidéar a dhéanamh ann, cuairt a thabhairt uirthi agus obair a dhéanamh.
Fís Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas Cathrach Domhanda den Chéad Scoth amach.
Luachanna
Iontaobh & Ionracas Déanaimid ár gcuid oibre go léir go macánta, go hoscailte agus go cothrom.
Meas Caithimid go cothrom le gach duine agus aird chu í á tabhairt ar a riachtanais agus ar a gcearta .
An Mhaith Choiteann Cuirimid seirbhísí ar ardchaighdeán ar fáil agus tugaimid aghaidh ar riachtanais daoine ar bhealach atá u ilechuimsitheach agus cothom.
Nu á la í ocht B í mid sa t ó ir i gc ó na í ar chuir chuige at á for á sach agus cruthaitheach i leith na seirbh í s í a shol á thra í mid.
Freagracht T á imid cuntasach agus tr é dhearcach agus d é anaimid á r gcuid oibre agus cinnt í go freagrach.
Cur Chuige Daoine-L á rnach B í mid ag pl é le daoine ar bhealach at á c ó ir, c ú irt é iseach agus tr á th ú il. B í mid sa t ó ir ar an bhfeabhs ú i gc ó na í .
| 3
[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas
Plean 7 Spriocanna Corpar á ideacha Tá uaillmhianta ollmhóra ag Tionscadal an Chreata Pleanála Náisiúnta, Éire 2040 do Chorcaigh. Is léiriú ár bPlean Corparáideach ar na huaillmhianta sin maidir le cathair dhomhanda inbhuanaithe don todhchaí a dhéanamh de Chathair Chorcaí. Is treoirphlean é an Plean Corparáideach 2020-2024 lena chinntiú go ndéantar ár dtosaíochtaí agus ár n-oibleagáidí rialála a sheachadadh, go gcomhlíontar spriocanna seirbhíse agus go bhfeabhsaítear seachadadh seirbhíse de shíor. Léiríonn ár gcuspóirí ardleibhéil agus ár gcuspóirí straitéiseacha an aidhm sin ach Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Domhanda na Náisiún Aontaithe a thabhairt san áireamh, rud a aithníonn tábhacht straitéiseach Chlár Oibre 2030 um Fhorbairt Inbhuanaithe agus an cur chuige comhtháite ilghníomhaireachta chun ár bhfís a bhaint amach, is é sin Corcaigh á Stiúradh go mbainfidh sí Stádas Cathrach Domhanda den Chéad Scoth amach. 6 Sprioc Ardleibhéil Cathair Inbhuanaithe ó thaobh Timpeallachta de Táimid meáite ar fhreagairt agus ar ghníomhú go straitéiseach i ndáil le tionchar an athraithe aeráide ar mhaithe leis an timpeallacht agus le bonneagar Chathair Chorcaí. Beimid ar thús cadhnaíochta maidir le rannpháirtíocht réamhghníomhach agus saoránaigh a chumasú ionas gur féidir leis an gcathair a bheith chomh seasmhach agus is féidir agus ag an am ceanna an timpeallacht seo againne a chosaint agus a shaibhriú ar mhaithe le folláine agus caighdeán níos fearr saoil do chách. Cathair ag a bhfuil Meas ar a Muintir Tallann, nuálaíocht agus pobail ag teacht le chéile chun tacú lenár gcathair bhríomhar bheoga. Spreagaimid spiorad a spreagann smaointeoireacht agus tuairimí nua. Cabhraíonn ár seirbhísigh phoiblí, ár bpobail, ár gcuairteoirí agus ár n-áitritheoirí linn an fhís agus an éagsúlacht atá inár gcathair a bhaint amach. Beimid ceannasach maidir le cur chuige rannpháirtíoch, comhairleach agus nuálach a úsáid agus cinntí á ndéanamh. Cathair a chothaíonn cultúr, oidhreacht, foghlaim, sláinte 7 folláine. Is cathair pobal, comhpháirtíochtaí agus líonraí í Corcaigh. Is cathair Shláintiúil í Corcaigh de réir na hEagraíochta Sláinte Domhanda; is cathair Foghlama UNESCO í agus is cathair fháilteah í ag a bhfuil oidhreacht shaibhir de bhun a muintire agus a staire. Leanaimid orainn ag cruthú agus ag feabhsú ár dtimpeallachtaí, ag cur le ’ hacmhainní pobail chun a chur ar chumas daoine tacú lena chéile agus a lánleas a bhaint amach. Cathair Comharsanachtaí agus Pobail Rannpháirteacha. Is cathair faoi leith sinn sa mhéid gur limistéar cathrach atá ag teacht chun cinn sinn ina bhfuil lár cathrach, bailte satailíte, sráidbhailte, comharsanachtaí agus pobail a bhfuil a n-eispéiris agus a gcultúr féin acu. Cothaíonn an chathair nua seo againne na seancheantair agus na traidisiúin is bonn le cultúr éagsúil Chorcaí, cultúr atá áitiúil ach a aithnítear go hidirnáisiúnta. Tá breis is 500 grúpa pobail i gcathair Chorcaí. Cabhraíonn ár gcaidrimh linn oibriú le chéile chun cathair a chruthú atá intaistealta, inacmhainne, uilechuimsitheach, sábháilte agus rannpháirteach. Cathair a thacaíonn le tithe agus bonneagar a chur ar fáil. Is gné ríthábhachtach bonneagair shóisialta agus gheilleagraigh í an tithíocht i gcathair bheo. Bhain dúshláin fhollasacha maidir le tithe a sholáthar leis an mbliain 2021. Leanfaimid orainn ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin chun soláthar cóiríochta inbhuanaithe a chur ar fáil agus a éascú do gach saoránach agus cuairteoir. D'fhonn an fás leanúnach seo a chothú, tá Comhairle Cathrach Chorcaí meáite ar chórais inbhuanaithe bhainistíochta tráchta agus bonneagair bóithre a chur ar fáil. Cathair a Chothaíonn an Fhorbairt Gheilleagrach agus Inbhuanaithe. Meastar go mbeidh Corcaigh ar cheann de na cathracha is mó fás in Éirinn agus méadú tuartha 50-60% ar an daonra faoi 2040. Táimid ag obair lenár ngeallsealbhóirí san earnáil phríobháideach agus phoiblí chun poist a chruthú, nach bhfuil ann do chuid acu fós. Táimid i mbun nuálaíochta ionas go mbeimid ábhartha fós agus ag obair lenár gcomhpháirtithe go háitiúil agus go hidirnáisiúnta sa saol acadúil, leis an IDA, le Fiontraíocht
| 4
[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas Éireann chun éiceachóras fiontar nuálach a fhorbairt a oirfidh do riachtanais gheilleagracha sa todhchaí. Tá Comhairle Cathrach Chorcaí ag déanamh a cion chun geilleagar bisiúil a fhorbairt agus a athchothú dóibh siúd a chónaíonn, a oibríonn, a dhéanann staidéar agus a infheistíonn sa chathair, go háirithe le linn na paindéime agus na tréimhse téarnaimh ina dhiaidh. Na Spriocanna Domhanda um Fhorbairt Inbhuanaithe
Tá cuspóirí ag na spriocanna forbartha inbhuanaithe go léir a bhaineann le hobair Chomhairle Cathrach Chorcaí ó lá go lá. Is í an Chomhairle, lucht déanta beartas agus catalaíoch an athraithe, is fearr atá in ann na spriocanna domhanda a nascadh leis na pobail áitiúla. Tarraingeoidh an Chomhairle Cathrach aird an phobail áitiúil ar na spriocanna, cothóidh sí agus cuirfidh sí na spriocanna i bhfeidhm go háitiúil, agus déanfar monatóireacht, measúnú agus foghlaim ónár dtaithí ag an am céanna. Cuireann comhoibriú le páirtithe leasmhara, le pobail agus le grúpaí cathrach ar ár gcumas réitigh a roinnt, bacainní a scaoileadh agus straitéisí a chur i bhfeidhm ar leibhéal áitiúil. Reáchtáladh roinnt seisiún feasachta foirne le linn 2021 a léirigh an tslí atá sé seo á dhéanamh.
Sprioc 03 – Dea-shláinte agus Folláine Déantar é seo i gcomhar le FSS chun an clár oibre Sláinte agus Folláine a chur chun cinn go hinmheánach sa Chomhairle Cathrach le gach páirtí leasmhar i gCathair Chorcaí agus le muintir Chorcaí. Chlúdaigh an seisiún iarmhairtí an athraithe aeráide ar shláinte agus ar mheabhairshláinte an duine; tionchar tuilte ar an tsláinte; spás sábháilte, Plean Gnímh na gCathracha Sláintiúla, Comhairle Beartais Bia Chorcaí; Spásanna Glasa don tSláinte; Páircíní; Meabhairshláinte san Ionad Oibre (Psyched); Paraidím Spraíúil; Pacaí Bímis ag Imirt; Cothú Áite; agus Uirbeacht Bheartach. Sprioc 04 – Oideachas ar Ardchaighdeán I gcomhar le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, rinne an seisiún seo iniúchadh ar an tslí atá an Chomhairle Cathrach agus a páirtithe leasmhara ag cur ar chumas gach duine staidéar agus foghlaim a dhéanamh agus a lánchumas a bhaint amach. I measc na dtopaicí bhí Comhdháil Dhomhanda UNESCO ar Chathracha Foghlama; Cathair Foghlama Chorcaí; EcoWell; Sraith Ceannaireachta Tras-Earnála idirghníomhaireachta; Comhoibriú le Forais Oideachais; Leabharlanna; Carnabhal Eolaíochta; Saotharlann Saoil; Líonra Rochtana Chorcaí; agus Foghlaim ar Feadh an tSaoil. Sprioc 07 – Fuinneamh Inacmhainne agus Glan Ba í An Fhoireann Fuinnimh a rinne a cur i láthair seo a chlúdaigh an tslí atá an Chomhairle Cathrach ag sárú spriocanna maidir le tíosacht fuinnimh; áit a bhfuil úsáideoirí suntasacha fuinnimh; an cabhlach leictreach; creidiúnú ISO50001 a fháil; tionscadail an chiste um gníomhú ar son na haeráide; oiliúint feasachta do thiománaithe; straitéis dícharbónúcháin; iniúchtaí fuinnimh; deiseanna PV gréine; an bille um ghníomhú ar son na haeráide, an soláthar glas agus na deontais tá ar fáil. Sprioc 12 – Tomhaltas agus Táirgeadh Freagrach Léirigh an seisiún seo an tslí atá an Chomhairle Cathrach ag iarraidh freastal ar riachtanais na glúine reatha agus na riachtanais sin a chur chun cinn gan cur isteach ar chumas na nglún atá le teacht freastal ar a gcuid riachtanas féin. I measc na dtionscnamh a pléadh bhí: Plaistigh Aon-úsáide; Stáisiúin Uisce Scoile; Féilte agus Imeachtaí a Ghlasú; Laghdú ar dhramhaíl a théann chuig líonadh talún; cur amú bia; dramhaíl teicstílí; seó faisin mhí na hathúsáide; Tionscadal athúsáide péinte; an geilleagar ciorclach; cláir oideachais trí Lifetime Lab; Taisteal Inbhuanaithe; Scéimeanna curtha plandaí a oireann do phailniú.
| 5
[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas
Sprioc 13 – Gníomhú ar son na hAeráide Tá gach duine freagrach as Gníomhú ar son na hAeráide, agus leag an seisiún seo béim ar na bearta maolaithe agus oiriúnaithe tríd an bPlean um Ghníomhú ar son na hAeráide chun aghaidh a thabhairt ar thuilte i lár na cathrach; ar an téamh domhanda; ar SDGanna a bheith ag idirghníomhú lena chéile; ar spriocanna aeráide; ar an gcoiste um oiriúnú aeráide; ar ab straitéis bithéagsúlachta; ar ab mbonneagar glas agus gorm; ar cháilíocht an aeir; ar shoilsiú poiblí; agus ar an innéacs inbhuanaitheachta um cheann scríbe. Ár dTimpeallacht Oibre Tá haon ball tofa is tríocha ag Comhairle Cathrach Chorcaí a dhéanann ionadaíocht ar chúig thoghcheantar áitiúla - Cathair Chorcaí Thiar Thuaidh, Cathair Chorcaí Thoir Thuaidh, Cathair Chorcaí Thoir Theas, Cathair Chorcaí Thiar Theas, agus Cathair Chorcaí Láir Theas. Tagann Coistí Ceantair Áitiúil le chéile uair sa mhí agus tionóltar cruinniú na Comhairle Cathrach ina hiomláine an dara Luan i ngach mí. Is baill de Choistí um Beartas Straitéiseach (SPC) iad na comhairleoirí i dteannta ionadaithe earnála. Tagann cathaoirligh na SPCanna le chéile chomh maith gach mí mar Ghrúpa Beartais Chorparáidigh (CPG). Tá an Fhoireann Bainistíochta Sinsearaí freagrach as bainistíocht éifeachtach agus éifeachtúil na Comhairle Cathrach agus as a seirbhísí a sheachadadh taobh istigh de na hacmhainní a bhíonn ar fáil. Fostaíonn an Chomhairle Cathrach breis agus 1,500 ball foirne a bhaineann le cúlraí difriúla gairmiúla ag a bhfuil raon leathan scileanna, cáilíochtaí agus taithí. Téann athruithe dlí, sochaí, polaitíochta, timpeallachta, teicneolaíochta agus geilleagair i bhfeidhm go mór ar an gComhairle. Breithnímid na beartais agus na cuspóirí a leagtar amach san iliomad pleananna agus straitéisí reachtúla a chuirtear i bhfeidhm ar fud na Comhairle Cathrach. Cuirimid raon seirbhísí agus feidhmeanna ilghnéitheacha ar fáil i gcomhar le heagraíochtaí, le gníomhaireachtaí náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, agus le grúpaí pobail. Tá freagracht orainn tacú lenár mbaill thofa, le coistí lena mbaineann siad, agus le beartais a chur i bhfeidhm ar fud na seirbhísí go léir. Leagaimid síos príomhtháscairí feidhmíochta áitiúla agus náisiúnta agus déanaimid dá réir agus ár bplean corparáideach á chur i bhfeidhm againn.
AN FEIDHMEANNAS
FORCHOIMEÁDTA
Comhairleoirí a thoghann na daoine Buiséid, pleananna forbartha, beartais, fo-fhlíthe a fhaomhadh ag cruinnithe na Comhairle
An Príomhfheidhmeannach
SEIRBHÍSÍ TACAÍOCHTA
Príomhfheidhmeannach Cúnta
STRAITÉIS Forbairt Straitéiseach agus Gheilleagrach
Comhairle Cathrach Chorcaí
OIBRÍOCHTAÍ
Airgeadas
Gnóthaí Corparáideacha & Caidreamh Idirnáisiúnta
Oibríochtaí (Bóithre agus Timpeallacht)
An Grúpa um Beartas Corparáideach
Ailtire na Cathrach
Coiste Forbartha an Phobail Aitiúil (LCDC)
Daoine & Forbairt Eagraíochtúil
Coistí Beartais Straitéisigh
Coistí Ceantair Áitiúil
Tithíocht
Forbairt Bonneagair
Seirbhísí TFC
Is féidir leo Baill a ainmniú ar
STRUCHTÚR NA COMHAIRLE
Pobal, Cultúr & Cothú Áite
Líonraí Rannpháirtíochta Poiblí
Comhpháirtithe Sóisialta
Gnóthaí Dlíthiúla
| 6
Oibríochtaí
[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas Cathrach Domhanda den Chéad Scoth amach] __________________________________________________________________________________________________________________________
Sa mhír seo: Oibríochtaí Tithíochta (Bóithre & Timpeallacht) Pobal, Cultúr & Cothú Áite Rialú Foirgneamh agus Dóiteáin Leabharlanna Bainistíocht Forbartha Cosaint Shibhialta
| 7
Oibr í ochta í
[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas
B ó ithre
Ceadanna Áitritheoirí Thug Comhairle Cathrach Chorcaí Beartas nua um Cheadanna Páirceála agus Scéim um Cheadanna Páirceála isteach i mí na Bealtaine 2022. Is féidir le custaiméirí cur isteach ar cheadúnas ar líne nó tríd an bpost leis an Rannóg Páirceála. Den chuid is mó, a luaithe a chuirtear na doiciméid riachtanacha ar fad i láthair, is féidir ceadúnas a eisiúint laistigh de 5-10 lá oibre. Rinneadh isteach is amach le 3,500 cead a phróiseáil in 2022. Carrchlóis Soláthraíonn Comhairle Cathrach Chorcaí trí áis pháirceála seach-shráide – Carrchlós Shráid Phóil, Carrchlós na Príomhshráide Thuaidh, agus Páirceáil & Taistil Black Ash. Bhain um 900,000 feithicil úsáid as na háiseanna seo in 2022. Páirceáil Sráide Tá Forfheidhmiú Páirceála i bhfeidhm chun a chinntiú go mbíonn spásanna ar fáil agus ar an tslí sin deis a thabhairt do ghnólachtaí agus do chuairteoirí tabhairt faoi ghníomhaíochtaí sa chathair. Is rogha i gcónaí e Park by Phone Chathair Chorcaí ionas gur féidir íoc as táillí páirceála gan airgead tirim. Fodhlíthe Páirceála Glacadh le Fodhlíthe Páirceála Chomhairle Cathrach Chorcaí 2022 ag Cruinniú na Comhairle a tionóladh Dé Luain an 13 Meitheamh 2022. Tháinig na Fodhlíthe seo i bhfeidhm an 1 Iúil 2022 agus rinne sé Fodhlíthe Rialaithe Páirceála Chomhairle Cathrach Chorcaí 2016 a chúlghairm. Rialúchán agus Sábháilteacht Tráchta Áiseanna breise Páirceála Rothar laistigh den Chathair Mar chuid de chlár 2022, sonraíodh agus suiteáladh láithreacha páirceála breise rothar, rud a fhágann go bhfuil breis agus 500 spás ar fáil ó 2020 i leith. I measc na spásanna sin tá spásanna páirceála do rothair lastais agus spásanna faoi fhothain ag scoileanna. Comharthaí Aiseolais do Thiománaithe Meastar gur beart sábháilteachta ar bhóithre iad Comharthaí Aiseolais do Thiománaithe mar go bhfeabhsaíonn siad aird tiománaithe agus go spreagann siad iad chun moillithe. Ní mór suíomh na gcomharthaí a mheas go cúramach, áfach, toisc gur féidir le ró-úsáid na gcomharthaí agus a gcur in áiteanna míchuí an bonn a bhaint dá n-éifeachtacht. Suiteáladh os cionn 65 comhartha aiseolais do thiománaithe ó 2020, rud a fhágann go bhfuil os cionn 100 ceann ar fad sa chathair. Scáthláin Bus Mar chuid de na tacaíochtaí chun taisteal gníomhach a spreagadh, cuireadh cúig scáthlán nua bus ar fáil ar fud na cathrach in 2022. Rannóg ITS Bainistíonn an Rannóg ITS Córais Chliste Iompair (ITS), seirbhísí leictreacha/sibhialta agus sócmhainní Soilsithe Bóthair ar fud na cathrach. Áirítear leis seo raon oibreacha, seirbhísí, tionscadal agus córas a bhaineann le hiompar agus soghluaisteacht a phleanáil, a sheachadadh agus a chothabháil a chuimsíonn líonra sócmhainní sibhialta, meicniúla agus leictreacha. Is é aidhm na Rannóige bainistíocht réamhghníomhach agus fhreagrach i leith na soghluaisteachta a sholáthar, agus leas á baint as bailiú agus úsáid sonraí cliste agus ag an am céanna oiriúnú do riachtanais athraitheacha i gcomhar leis na geallsealbhóirí go léir.
| 8
[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas
Córais ITS Chuir córas Rialaithe Tráchta Uirbí SCOOT an tsoghluaisteacht is fearr is féidir ar fáil lár na cathrach, ach úsáid a bhaint as go leor córas braite agus aonad monatóireachta, chun an líonra a bhainistiú. Déantar monatóireacht ar aon chur isteach ar an líonra i bhfíor-am agus déantar gearáin a phróiseáil trí na córais ar líne bhainistithe lochtanna agus déantar feidhmiú de bhun tascthicéidí a shanntar do chriúnna agus do gheallsealbhóirí lena réiteach. Mar thoradh ar sheachadadh tionscadail reatha an NTA de réir CMATS, rinneadh athruithe suntasacha ar bharrfheabhsú líonra na gcóras de réir athdháileadh spás bóthair. Oibríochtaí Soilsithe Bóthair Tá 24,833 solas sráide sa líonra mar aon le colúin agus tacaí, soláthairtí cumhachta, duchtú agus cáblaí cumhachta. Réitigh an conradh cothabhála soilsithe bóthair breis is 5,000 tascthicéad. Ach ar glacadh leis an gCreat nua um Shoilsiú Poiblí 2020, sonraítear trí sprioc ardleibhéil faoina soláthrófar seirbhísí agus bonneagar soilsithe poiblí amach anseo: Bainistíocht Sócmhainní, Seirbhís agus Laghdú Fuinnimh. Leanadh de lóchrainn soilsithe sráide a athsholáthar, rud a laghdaigh tomhaltas fuinnimh ar fud 3,019 lóchrann agus a chruthaigh spáráil fuinnimh le teicneolaíocht nua LED. Oibríochtaí ITS Sa líonra tá 386 suiteáil comharthaí tráchta, 47km de cháblú cumarsáide agus líonra, comharthaí teachtaireachtaí leictreonacha lena n-áirítear VMS, comharthaí rabhaidh Scoile/Luais, trealamh monatóireachta fíor-ama, mullaird uathoibríocha agus comharthaí Faisnéise Fíor-Ama do Phaisinéirí agus líneáil agus comharthaí lár na cathrach a bhainistiú. Cuireadh seirbhís freagartha teagmhais/éigeandála agus lasmuigh d’uaireanta oifige ar fáil i rith na bliana. Oibríochtaí Taistil Ghníomhaigh ITS Le tacaíocht ón NTA, cuireadh 17 sráid i lár na cathrach in oiriúint do choisithe agus bhí oibreacha de chóir a bheith críochnaithe i ndáil le 9 suiteáil mullaird uathoibríocha eile. Ina theannta sin, cuireadh tús le hoibreacha uasghrádaithe ag acomhail chomharthaí tráchta ina measc saoráidí feabhsaithe éilimh do choisithe agus saintrealamh braite rothar.
Líon Iomlán na sócmhainní Solais Bóthair Líon Iomlán na bpointí soláthair Leictreachais
24,833 Líon Iomlán na sócmhainní ITS 2022
9,832
1,225
Líon Iomlán na gCóras Braite
564
Céatadán LED sa chóras soilsithe phoiblí
44%
Líon na Sráideanna do choisithe amháin
17
Meánvatacht Lóchrainn an tSoilsithe Bóthair
83.73W Líon na bhfeabhsuithe ar shuíomh Taistil Ghníomhaigh
70
Lóchrainn Athraithe go LED
3,019
Líon na suíomhanna a glacadh ar láimh in 2022
52
Tascthicéid Chothabhála a tugadh chun Críche san iomlán Baineann na staitisticí go léir le deireadh na bliana 2022.
7,852
| 9
[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas
An Timpeallacht Dianghlanadh
Rinne criúnna glantacháin sráide dianghlanadh ar dhromchlaí na gcosán agus ar throscán sráide i gceantair i lár na cathrach in 2022. Níor mhór díriú ar na ceantair seo mar gheall ar líon na gcoisithe agus na tráchta feithiclí a seachadta a bhíonn orthu gach lá. Úsáideann na criúnna glanta sráide meaisín scairduisce te atá an-éifeachtach chun salachar greamaithe a bhaint ach atá go maith chun frídíní a bhaint de dhromchlaí chomh maith. Úsáidtear greamán sciúradh rothlacha ar an níochán brú chun guma a bhaint as sráid na cathrach. Faighimid seirbhísí conraitheora dianghlantacháin gach bliain leis a úsáideann trealamh agus ábhair speisialaithe chun guma, salachar agus smúit a bhaint de shráideanna na cathrach.
Bosca Bruscair Comdhlúthúcháin Gréine In 2022, chuir Comhairle Cathrach Chorcaí 54 bosca bruscair comdhlúthúcháin gréine isteach. Tugann na torthaí go dtí seo le fiosgur tháinig laghsú ar líon na mbailiúchán dramhaíola i gcás boscaí áirithe oiread agus 75% ach úsáid a bhaint as Boscaí Bruscair Comdhlúthúcháin Gréine i gcomparáid leis na boscaí bruscair neamh-chomhdhlúthúcháin atá ar fud na cathrach.
I gcomhar leis na trialacha seo, chuireamar boscaí bruscair píotsa isteach in áiteanna a raibh deacrachtaí chun an bruscar a laghdú. Fuarthas amach gur tháinig laghdú oiread agus 50% ar na leibhéil bhruscair sa bhosca bruscair agus timpeall air i lár na cathrach. Mar thoradh air sin, meastar go gcuirfimid isteach níos mó Boscaí Bruscair Comdhlúthúcháin Gréine agus go gcuirfear boscaí bruscair píotsa isteach in áiteanna cuí ar fud lár na cathrach in 2023.
| 10
[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas
Crainn Nollag Cuireann Comhairle Cathrach Chorcaí seacht láithreán diúscartha ar fáil a chuireann ar chumas an phobail fáil reidh lena gcrainn Nollag gach Eanáir. Déantar smionagar de na crainn ar an láthair sula dtutgtar ar shiúl iad le haghaidh athchúrsála. In 2023, rinne Ace Tree Specialists Ltd an tseirbhís tar éis comórtas tairisceana i mí na Samhna. Mar thoradh ar iompar nach beag frithshóisialta, dóiteáin ina measc, ag suíomh amháin le blianta beaga anuas, rinneamar teagmháil leis an nGarda Síochána agus bhí CCTV agus bacainní againn chun an riosca a mhaolú i mbliana. Ní raibh aon tuairiscí ar iompar frithshóisialta le linn na seirbhíse mar thoradh ar na gníomhartha seo. Chonaiceamar méadú ar úsáid na seirbhíse bliain ar bhliain agus fuarthas réidh le 74 tona in 2019 agus le 101 tona in 2023. Léiríonn sé sin go n-éiríonn le gníomhaíochtaí coisctheacha a dhíríonn ar fhorfheidhmithe dramhaíola chun dumpáil neamhdhleathach a laghdú. Saordhiúscairt Tochtanna Leapa
Cuireann Comhairle Cathrach Chorcaí deis ar fáil do dhaoine a dtochtanna leapan nach dteastaíonn uathu a dhiúscairt saor in aisce gach bliain i bPáirc Ghleann na Trá Móire. Oibrímid le comhlacht áitiúil Bedwise Ltd, a dhéanann, faoi chead, tochtanna a athchúrsála lena n-athúsáid, seachas a dhiúscairt, de réir aistriú na hÉireann chuig geilleagar ciorclach. In 2022, bhí an tseirbhís ar fáil an 3 agus an 4 Lúnasa. Tugadh 360 tocht ar láimh san iomlán thar an dá lá. Ach an imeacht seo a chur ar siúl, cuireann sé in iúl don phobal gur féidir leo a dtochtanna a dhiúscairt saor in aisce ag saoráid sa chathair agus go bhfuil Comhairle Cathrach Chorcaí ag spreagadh na haisghabhála agus na hathúsáide.
seachas ábhar luachmhar a chur amú. Gan an tionscnamh seo ni foláir nó go ndéanfaí na tochtanna sin a dhiúscairt i saoráid dramhaíola, rud nach mbeadh fáilte roimhe mar d'fhéadfadh go nglacfadg sé na blianta fada ar an ábhar seo dianscaoileadh. Bheadh baol ann chomh maith go ndéanfaí céatadán díobh a dhiúscairt go neamhdhleathach, rud a chuirfeadh isteach ar an radharcra agus a d'fhágfadh go mbeadh ar bhaill foirne ón Rannóg Glantacháin fáil réidh leo. D'fhéadfaí an deis seo a fhorbairt sna blianta amach anseo chun earraí eile a thabhairt san áireamh, cuir i gcas tolg, cathaoireacha uilleach, agus táblaí a d'fhéadfaí a athúsáid. Achoimre ar roinnt tionscadal Frithdhumpála in 2022 Bhóthar na Laoi Tá an suíomh suite feadh Bhóthar na Laoi i gCathair Chorcaí. Bhí an dramhaíl taobh thiar de bhallaí abhainn na Laoi feadh bhruach na habhann. Shonraigh an Rannóg um Fhorfheidhmiú Dramhaíola an áit seo a bheith ina hábhar imní ach ar chuir baill an phobail in iúl dúinn é. ar éis roinnt gearán a fháil ón bpobal agus go ndearna baill na Rannóige um Fhorfheidhmiú Dramhaíla de chuid Comhairle Cathrach Chorcaí cigireachtaí leantacha, sonraíodh gur dúspota faoi leith a bhí ann maidir le dramhaíl a dhumpáil go mídhleathach. Ghlanamar an áit agus rinneamar monatóireacht ar an gceantar le CCTV ar feadh tréimhse ceithre seachtaine chun iarracht a dhéanamh a fháil amach cé atá ag dumpáil na dramhaíola anseo.
|
[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas
Teach Inse Gaigín Tá fadhbanna ag roinnt ceantar sa chathair maidir le dumpáil mhídhleathach, agus sonraíodh an ceantar seo ina hábhar imní go háirithe toisc gur chuir baill an phobail in iúl dúinn é ach a ndearnach gearán agus gur chuir baill foirne sa Rannóg um Bainistiú Bruscair agus Dramhaíola i gComhairle Cathrach Chorcaí scéala chugainn faoi. Bailíodh an dramhaíl. Is cúnamh mór é maidir le deireadh a chur le dramhaíl eile a dhumpáil san áit an dramháil atá ann a ghlanadh agus an áit a iamh.
Míolach, Machain Sampla de thionscadal a rinne Comhairle Cathrach Chorcaí le linn 2022 ba ea limistéar i ndeisceart na Cathrach, ar le Comhairle Cathrach Chorcaí é agus atá suite ar chúl Scéim Tithíochta Ghrúpa na Míolaí i Machain. Bhí fadhbanna suntasacha ag an suíomh seo maidir le dumpáil mhídhleathach a cuireadh ar ár súile dúinn de bhun gearáin ó bhaill an phobail agus ó bhaill foirne sa Rannóg um Bainistiú Bruscair agus Dramhaíola i gComhairle Cathrach Chorcaí. Mar thoradh air sin, sonraíodh an ceantar ina hábhar imní a gcaithfí dul i ngleic leis in 2022 faoi Mhaoiniú do Thionscnaimh Frithdhumpála. Bhain an tionscadal le CCTV a chur isteach (conraitheoir seachtrach a rinne) sa cheantar chun gníomhaíochtaí eile dramhaíola neamhdhleathaí a thabhairt faoi deara agus baineadh an dramhaíl ón áit d'fhonn fianaise a fháil (dá mba fhéidir) faoin té a bhí ag dumpáil na dramhaíola. Thug conraitheoir dramhaíola an dramhaíl ar shiúl tar éis comhordú idir an Rannóg um Fhorfheidhmiú Dramhaíola, an Rannóg Bruscair, an Rannóg um Bainistiú Dramhaíola & Glanadh Sráide, an Rannóg Tithíochta agus an tAonad um Chóiríochta don Lucht Siúil i gComhairle Cathrach Chorcaí
| 12
[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas
Lá bailithe Dramhaíola Contúirtí Tugadh deis do shealbhóirí tí a gcuid Dramhaíola Contúirtí a dhiúscairt saor in aisce ach í a thabhairt chuig an Lár-Shaoráid Bainistithe Dramhaíola, áit ar bhain Conraitheoir Diúscartha Dramhaíola Contúirtí den láthair í chuig láithreán diúscartha údaraithe. Thug baill an phobail dramhaíl Chontúirteach Tí (péinteanna, lotnaidicídí, cógais, ola srl.) go Páirc Ghleann na Trá Móire chun í a dhiúscairt saor in aisce (ina measc cannaí péinte, tuaslagóirí orgánacha, glantach, luibhicídí/lotnaidicídí, cógais, ola glasraí, aerasóil).
Páirc Ghleann na Trá Móire In 2021, suiteáladh córas fótavoltach gréine 56kWp ar an díon ar na foirgnimh riaracháin agus saotharlainne. Bhí lánúsáid á baint as in 2022. Is ionann an ghrianchumhacht a ghintear agus coigilt oiread agus 12% ar chumhacht a úsáideann an tsaoráid gach bliain.
Caighdeán an Aeir Crios Aeir Úir
I mí Aibreáin 2022, sheol Comhairle Cathrach Chorcaí an chéad Chrios Aeir Úir in Éirinn. Agus é dírithe ar cheantar tosaíochta coisithe ar Shráid Phluincéid agus ar shráideanna friothálacha in aice láimhe, is ceantar é an Crios Aeir Úir ina ndéantar gníomhaíocht spriocdhírithe chun caighdeán an aeir a fheabhsú, go háirithe mórfhoinsí truaillithe amhail trácht a laghdú. Is í an fhís atá ag Comhairle Cathrach Chorcaí don Chrios Aeir Úir ná go gcuirfidh sí feabhas ar an timpeallacht uirbeach chun tacú le sláinte an phobail agus leis an ngeilleagar áitiúil, rud a fhágann gur áit níos tarraingtí í Corcaigh chun cónaí inti, chun obair a dhéanamh inti agus chun am fóillíochta a chaitheamh inti.
| 13
[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas
Gradam Chambers Ireland - Gradam na Timpeallachta Inbhuanaithe I mí na Samhna 2022, bhuaigh Comhairle Cathrach Chorcaí Gradam Chambers Ireland na Timpeallachta Inbhuanaithe as Straitéis Chomhairle Cathrach Chorcaí um Chaighdeán an Aeir . Leagtar amach sa straitéis na gníomhartha a dhéanfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí idir 2021 agus 2026 chun tiúchan na dtruailleán aeir i gceantar na cathrach a laghdú; rud a imreoidh tionchar dearfach ar shláinte agus ar chaighdeán beatha na n-áitritheoirí agus na gcuairteoirí.
Aer Úr le Chéile I mí Dheireadh Fómhair 2022, thomhais níos mó ná 700 eolaí leibhéil an truailleáin aeir dhíobhálaigh, Dé- ocsaíd Nítrigine (NO2) i gcathair Chorcaí mar chuid den tionscadal Aer Úr le Chéile (Cathair Chorcaí) tionscadal. Déanfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí imeacht poiblí a óstáil in 2023, áit a gcuirfear torthaí an staidéir i láthair. Bhí an tionscadal faoi stiúir na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) agus Aonad Oideachais Comhshaoil An Taisce, a d'oibrigh le Comhairle Cathrach Chorcaí chun an mórthionscadal eolaithe seo a chur ar siúl. Úsáidfidh an EPA an fhaisnéis a bhaileofar anois chun cabhrú le samhaltú agus réamhaisnéis chaighdeán an aeir agus úsáidfidh Comhairle Cathrach Chorcaí í chun díriú ar limistéir le haghaidh bearta agus cláir ar leith um chaighdeán an aeir.
| 14
Page 1 Page 2 Page 3 Page 4 Page 5 Page 6 Page 7 Page 8 Page 9 Page 10 Page 11 Page 12 Page 13 Page 14 Page 15 Page 16 Page 17 Page 18 Page 19 Page 20 Page 21 Page 22 Page 23 Page 24 Page 25 Page 26 Page 27 Page 28 Page 29 Page 30 Page 31 Page 32 Page 33 Page 34 Page 35 Page 36 Page 37 Page 38 Page 39 Page 40 Page 41 Page 42 Page 43 Page 44 Page 45 Page 46 Page 47 Page 48 Page 49 Page 50 Page 51 Page 52 Page 53 Page 54 Page 55 Page 56 Page 57 Page 58 Page 59 Page 60 Page 61 Page 62 Page 63 Page 64 Page 65 Page 66 Page 67 Page 68 Page 69 Page 70 Page 71 Page 72 Page 73 Page 74 Page 75 Page 76 Page 77 Page 78 Page 79 Page 80 Page 81 Page 82 Page 83 Page 84 Page 85 Page 86 Page 87 Page 88 Page 89 Page 90 Page 91 Page 92 Page 93 Page 94 Page 95 Page 96 Page 97 Page 98 Page 99 Page 100 Page 101 Page 102 Page 103Powered by FlippingBook